Skip to main content Start of main content

Fedora Sway Spin

Soláthraíonn an Fedora Sway Spin an bainisteoir fuinneog tíleála Sway tóir. Déanann sé Sway inrochtana agus tarraingteach do thosaitheoirí agus d’úsáideoirí ardleibhéil ar fearr leo gan luchóg, touchpad nó feiste pointeála eile a úsáid chun idirghníomhú lena dtimpeallacht. Le feidhmchláir éadroma do bhrabhsáil gréasáin, eagarthóireacht téacs, agus athsheinm meáin, cuireann an Fedora Sway Spin taithí iomlán ar fáil le comhéadan úsáideora íosta.

Ag Dul ar Líne

Firefox

An brabhsálaí gréasáin tóir agus saor in aisce le tacaíocht ó Mozilla, brabhsálaí neamhbhrabúis atá tiomnaithe do shláinte agus príobháideacht idirlín.

Feidhmchláirín NetworkManager

Ní gá ach cliceáil agus tá tú ceangailte le do ródaire LAN gan sreang, nó ar líne trí go leor cártaí leathanbhanda soghluaiste 3G a dtacaítear leo.

nmcli

Feidhmchlár CLI chun cumraíocht NetworkManager a rialú. Tugann sé cumhacht an nm-applet duit, ach sa teirminéal.

Cumraíocht

foot

Is aithriseoir teirminéil Wayland tapa, éadrom agus íostach é Foot.

brightnessctl

Ligeann brightnessctl d’úsáideoirí gile gléasanna a léamh agus a rialú.

imv

is breathnóir íomhá líne ordaithe é imv atá beartaithe le húsáid le bainisteoirí fuinneoige tíleála.

Fóntais

sway lock

Taisceadán scáileáin simplí.

waybar

Barra Wayland an-inoiriúnaithe do chumadóirí bunaithe ar Sway agus Wlroots.

rofi

Malartóir fuinneoige, tosaitheoir feidhmchlár agus athsholáthar dmenu.

dunst

Deamhan fógra atá thar a bheith cumraithe agus éadrom.

kanshi

Uirlis chumraíochta taispeána dinimiciúil.

Thunar

Bainisteoir comhad le haghaidh Linux agus córais eile cosúil le Unix.

Bain triail as anois.

Íoslódáil anois